English Version

Fáilte romhaibh!  Mise Liam Hart, as Condae Sussex, Nua Jersey Mheiriceá, i mo chónaí anois in Abington, Massachtsetts.  Tá mé deich mbliana i mo mhúinteoir Gaelige anois, agus tá eolas le fáil anseo faoina ranganna atá ar siúl agam faoi láthair.  Tá mé i mo bhlagadóir anois freisin, agus tá mo chuid smaointe ar fhilíocht, amhránaíocht agus an saol Gaelach le fáil ag Ríocht na nGael.

Ranganna

Tar éis ocht mbliana ag múineadh na Gaeilge ag an Irish American Association of Northwest New Jersey, tá mise agus mo bhean chéile tar éis bogadh go Massachusetts.  Táim fós ag lorg áit a bheith ag múineadh thuas anseo, féach ar ais ansin go luath agus beidh tuilleadh eolas le fáil.

Ceachtanna Príobháideacha

Múinim ceachtanna príobháideacha na Gaeilge (nó ranganna beaga) i mo theach in Abington, nó i do theach féin, má tá tú i do chónaí i gceantar Bhostúin.  Cuir email chugam, chun tuilleadh eolas a fháil.